← Dhiúltaigh sí é ach dúirt sí leis dul isteach sa choill agus go mbuailfeadh sé leis an gcailín ba dheise agus ba áille riamh agus go bpósfadh sí é. 🔊
← Ar ndóigh rinne sé amhlaidh agus thit gach rud amach mar a dúirt sí go dtitfeadh. 🔊
← Dúirt Bríd go ndéanfadh sí amhlaidh ach bhí sí ag lorg paiste talún i gcomhair clochair uaidh. 🔊
← Ba leasc leis an rí an talamh a thabhairt uaidh ach dúirt sí nach raibh sí ach ag lorg an méid talún is a chlúdódh a clóca agus d'aontaigh an rí go dtabharfadh sé an méid sin di. 🔊